Posts

Céim 4 (iii)

Tasc 3 - Scéal Sheáin Seo eachtra a thárla le déanaí i mBaile Átha Cliath. Iarrtar ar na scoláirí cur síos a dhéanamh ar an eachtra seo lena bpáirtí. Déanfaidh an scéal a chumadh sa Aimsir Chaite agus iarrtar orthu béim ar leith a chur ar ‘bhriathar/ainmfhocal agus réamhfhocal i bhfrásaí ar leith’ atá mar spriocstruchtúr don tasc seo. Déanfaidh siad iarracht a bheith ag díriú go sonrach ar na samplaí seo a leanas: Cuir + ceist + ar Cabhraigh + le Tabhair + do Iarr + ar Bunaithe ar an bprionsabal céanna déanfaidh siad iarracht na nathanna seo a leanas a úsáid chomh maith - Éist + le Fan + le Aontaigh + le Labhair + le Breathnaigh + ar Inis + do Maith + do Nuair atá an scéal curtha le chéile acu beidh orthu é a chur i láthair don rang. Beidh orthu ceisteanna a chur ar an rang bunaithe ar a scéal anseo. Beidh an spriocstruchtúr in úsáid sna ceisteanna chomh maith. Nasc - Tasc 3 https://docs.google.com/document/d/1Xw0AaGDCLOKyJKsf-l

Liosta Léitheoireachta

Cook, V. (2016)  Second Language Learning and Language Teaching , 5ú heag., London: Routledge. Mac Murchaidh, C. (2016),  Cruinnscríobh na Gaeilge , 6ú heag., Baile Átha Cliath: Cois Life. Mc Kay, H. agus Abigail, T. (1999)  Teaching Adult Second Language Learners , Cambridge: Cambridge University Press. Na Bráithre Críostaí (1980)  New Irish Grammar , Baile Átha Cliath: Fallons. Na Bráithre Críostaí (1999)  Graiméir Gaeilge na mBráithre Críostaí , Baile Átha Claith: An Gúm. Ó Baoill, D.P. agus Ó Tuathail, É. (1992)  Úrchúrsa Gaeilge , Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.    Ó Tuama, D. (2009)  Graiméar Meánscoile , Baile Átha Cliath: C.J. Fallon. Pachler, N., Evans, M., Redondo, A. agus Fisher, L. (2014)  Learning to Teach Foreign Languages in the Secondary School: a companion to school experience , 4ú heag., London: Routledge.

Céim 4 (i &ii)

Tasc tabhairt faoi deara agus tasc feasachta Bainfear úsáid as sleamhnáin Powerpoint chun na háiseanna a chur i láthair na bhfoghlaimeoirí agus cuirfear na treoracha i láthair na bhfoghlaimeoirí i bhfoirm scríofa agus ó bhéal. Tasc tabhairt faoi deara - sleamhnáin 1-12 Tasc feasachta - sleamhnán 13. Seo a leanas an téacs a bheas in úsáid don tasc feasachta: Téacs:   Scéal ranga Lá n-aon, bhí an múinteoir Mairéad ina seomra ranga agus í ag cuir ceacht eolaíochta i láthair an ranga.  Chuir sí ceist amháin ar Phádraig, chuir sí dhá cheist ar Mháire agus chuir sí ceist amháin ar Liam.  Cabhraigh sí leis an rang iomlán na léaráidí a bhí sa chaibidil a thuiscint agus ansin chabhraigh sí leo a lipéid na léaráidí a líonadh isteach sa leabhar oibre.  Ansin thug sí tasc dóibh mar obair bhaile agus ina dhiaidh sin thug sí treoracha iomlána an tasc dóibh.  Nuair a bhí an tasc mínithe aici, d’iarr sí ar dhuine de na foghlaimeoirí na treoracha a ath-mhíniú dí le cinntiú gur tuigeadh ia

Céim 3

Is é atá beartaithe ná an ghné áirithe seo den ghramadach a phlé le foghlaimeoirí sna seimineár Gaeilge a bhíonn ag na mic léinn i ngrúpaí beaga (níos lú na fiche).    Tháinig an spriocstruchtúr a roghnaíodh don tasc seo chun agus na mic léinn ag tabhairt faoi mhicritheagasc agus iad ag iarraidh a gcuid scileanna teagaisc féin a fhorbairt.    Rinneadh plé achoimre ar na botúin choitianta a bhí á ndéanamh ag na mic léinn le linn dóibh a bheith ag teagasc sna seisiúin aiseolais tar éis an micritheagaisc ach ní raibh deis ann an t-ábhar a phlé nó a mhíniú i gceart an tráth úd.    Aontaíodh go ndéanfaí plé ar ghnéithe den ghramadach a raibh soiléireacht de dhíth ar na mic léinn mar gheall orthu agus bhí an ghné áirithe seo den ghramadach ina measc siúd.    Déantar iarracht choinsiasach i gcónaí an ghramadach a theagasc i gcomhthéacsanna cuí trí phlé a dhéanamh ar shamplaí a fheictear i dtéacsanna scríofa agus a chluintear i dtaifid bheo.    Rinneadh iarracht téacs gairid a chumadh ina n-

Céim 2

Is é ‘briathar/ainmfhocal agus réamhfhocal i bhfrásaí ar leith’ atá roghnaithe agam mar spriocstruchtúr don tasc seo. Díreofar go sonrach ar na samplaí seo a leanas: ·           Iarr + ar ·           Cabhraigh + le ·           Iarr + ar ·           Cuir + ceist + ar Is gné den ghramadach í seo a chruthaíonn fadhbanna d’fhoghlaimeoirí teanga sa scríbhneoireacht agus sa chaint de chionn is go bhfuil an struchtúr áirithe seo éagsúil go maith óna mhacasamhail chéanna sa Bhéarla.    Is ghné í seo den ghramadach nach ndéantar plé uirthi go minic i ranganna foirmiúla teanga siocair go mbaineann sé go dlúth le bunchomhréir na Gaeilge, ábhar a chruthaíonn fadhbanna don teagascóir teanga go minic de chionn is nach bhfuil sé éasca a theagasc.    Is féidir a rá gur teanga thimchainteach í an Ghaeilge agus úsáidtear go leor cora cainte a bhíonn doiléir do fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil cumas teoranta teanga acu.    Is tearc ar fad iad na leabhair ghramadaí a phléann an ghné seo

Céim 1

Is ábhair mhúinteoirí iad na foghlaimeoirí atá roghnaithe agam mar rannpháirtithe don tasc seo agus tá siad sa tríú bliain de chéim. Is iad Oideachas, Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge na hábhair staidéir atá acu.    Cé go bhfuil inniúlacht mhaith nó measartha maith ag bunús an ghrúpa sa Ghaeilge, tá éagsúlacht mhór cumais ag baill an ghrúpa trí chéile agus níl ina measc ach an t-aon chainteoir dúchais amháin.    D’fhoghlaim bunús na bhfoghlaimeoirí a gcuid Gaeilge taobh istigh den chóras oideachais agus is beag acu a chleachtann a gcuid Gaeilge ar bhonn rialta taobh amuigh de léachtaí foirmiúla an chúrsa.    Déanann foghlaimeoirí an ghrúpa ceithre mhodúl Gaeilge sa tríú bliain (trí cinn i seimeastar a haon agus dhá cheann i seimeastar a dó).    Is modúil acadúla iad trí mhodúl de na ceithre mhodúl atá á ndéanamh acu agus tá modúl amháin dírithe ar ghnéithe éagsúla den teanga agus den ghramadach (seimeastar 1 agus seimeastar 2).    Cé gur roghnaigh bunús an ghrúpa an Ghaeilge mar ábhar